Lullabies of England, Scotland and Wales listen online
Seóthín, seóthó, mo stóirín, mo leanbh,
Mo sheoid gan chealg, mo chuid den tsaol mhór.
Seóthín, seóthó, nach mór é a taithneamh,
Mo stóirín ina leaba, ‘na chodladh gan brón.
A leanbh mo chléibh, go n-éiri do chodladh leat,
Séan agus sonas a choice ‘do chomhair.
Seo beannacht Mhic Dé agus téagar a Bhuime leat.
Téir a chodladh gan bíogadh go ló.
Ar mhullach a tSí tá síoga geala,
Fá chaoinré an earraigh ag imirt a spóirt
Seo iad aniar chun glaoch ar mo leanbh
Le mian é a tharraing isteach sa Lios Mór.
Goirm thú, a chroí! Ní bhfaighidh said do mhealladh
Le brí a gcleas, ná le binneas a gceol.
Tá mise led’ thaobh ag guí ort na mbeannacht,
Seóthín, a leanbh, ní imeoidh tú leo.
Os comhair mo lao go míochair ceanúil,
Tá dílroisc aingeal ag faire ina threo,
Le mórghrá dian á’ iarraidh chun bealaigh
Mar b’aoibhne Flaithis dá rachadh sé leo.
A stór mo chroí, luigh siar i do leaba,
Le taobh do mhama is ea fhanfair go fóill.
Ní mór liom ag Día mo shiamsa ‘gus m’aiteas,
Mo ríocht ar talamh i dteannta mo bhróid.